Naoise Ó hUallaċáin
Fúmsa

Fuaras céim sa Ghlanmhatamaitic agus sa Mhatamaitic Fheidhmeach ó Scoil na hEolaíochtaí Matamaiticiúla i gColáiste na hOllscoile Corcaigh i 2010. Ansan i 2011, bhain mé céim máistreachta amach in Race Car Aerodynamics ó Ollscoil Southampton.

Faoi láthair, táim i mbun staidéir dochtúireachta. Thosnaigh mé mo chuid staidéir i 2012 san Institiúid Hamilton in Ollscoil na hÉireann Má Nuad (Ollscoil Mhá Nuad anois). Ansan i mí na Nollag 2014, d'aistrigh mé go Scoil na hEolaíochta Ríomhaireachta agus na Staitisticí i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath.

Táim faoi stiúir an tOllamh Doug Leith agus an Dochtúir Ollie Mason.

Céimeanna
  • Máistreacht: MSc in Race Car Aerodynamics, Dámh na hInnealtóireachta agus na Timpeallachta, Ollscoil Southampton, 2011
  • Baitsiléir: BSc Glanmhatamaitic agus Matamaitic Fheidhmeach, Scoil na hEolaíochtaí Matamaiticiúla, Coláiste na hOllscoile Corcaigh, 2010
Suimeanna Taighde

Siad mo phríomh-suimeanna taighde ná Príobháideachas Sonraí, go háirithe an Bunús Matamaiticiúla do Príobháideachas Difreálach. Tá suim agam chomh maith i mórán ábhar matamaitice eile, ar nós ailgéabar líneach, teoraic na ngraif agus teoraic tomhais.

Oilteacht
  • Ríomhchlárú: C, C++
  • Ríomhchlárú matamaiticiúil: MATLAB, Mathematica, LaTeX
  • Eile: HTML, PHP, CSS, Javascript, SQL (MySQL)
Eolas Teagmhála
Tá fáilte thar cách roimh comhfhreagracht trí Ghaeilge
  • Ríomhphost: nholohan ag tcd stad ie
  • Seoladh: Scoil na hEolaíochta Ríomhaireachta & na Staitisticí, Institiúid Lloyd, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath 2, Éire